Bríd Ní Mhaoilchiaráin, 'Caisléan an tSléibhe' (2022)

a chas sí i gCill Airne (Oireachtas na Samhna), 5 Samhain 2022.
Bhain sí Corn Uí Riada 2022 leis. Seo amhrán tapaidh (sciobtha), ar athghlaoch.

𝗖𝗮𝗶𝘀𝗹𝗲́𝗮𝗻 𝗮𝗻 𝘁𝗦𝗹𝗲́𝗶𝗯𝗵𝗲

Amuigh in Aill na Méaracán tá an caisleán breá déanta,
’S níor facthas a léithéide san oileán seo fós,
Tá fascadh ann ón mbáisteach, ón ngrian is ón ngaoithe,
Cead spóirt agus siamsa ann ag sean agus óg.

Ní moirtéal ná clochaí a cuireadh dá dhéanamh,
Tá na ballaí níos míne ann ná parlús tí mhóir,
Casadh isteach ann tráthnóna Déardaoin mé,
’S bhí na píobairí fraoigh is na feadógaí ag ceol.

Nach iomdha fear ceirde a chuaigh ariamh thríd an tír,
’Chaith téarma le saoirseacht is a rinne tithe go leor,
Dá mairfeadh an Gobán is an chúirt a fheiceáil déanta,
Ní chreidfeadh ón saol nó is faoi dhraíocht atá Joe.

Daoine a shiúil Meiriceá, Sasana is Éirinn,
Ní fhéadfaidís aon áit a mholadh níos fearr
Ná an chúirt atá déanta amuigh i gceartlár an tsléibhe,
Tá na céadta ag triall uirthi i bhfad is i ngearr.

(Níl aon chléireach dá mheabhraí in aon choláiste tógtha,
Dá mhéad dá bhfuair foghlaim is a scríobhfadh le peann,
’D’fhéadfadh cur síos ar an gcaoi an bhfuil sí cóirithe
Mar is rímhór an spóirt í ó íochtar go barr.

Nuair a thagann an bháisteach, sea a chruinníonn na daoine ann
Isteach as Loch Cruinn is as Gleann Loch an Fhobhair,
Dá snámhfadh an mhóin ar an gcriathrach chaon taobh díot,
Bí istigh go ceann míosa ann ’s ní baol duit aon deoir.)

Tháinig mé isteach ann tráthnóna Dé hAoine
Le titim na hóiche sea dhún sé ina cheo,
Cóiríodh mo leaba is b’éigean dom síneadh,
Níor fhága mé aríst é go maidin Dé Luain.

Tá na grátaí thrí lasadh ann ó mhaidin go faoithin,
Tá na boird ag cur thar maoil ann le fataí is le feoil,
Tá an t-arán go fial fairsing dá ghearradh is dá roinnt ann,
Tá an tae agus an t-im ann is bainne na bó.

Tá an bhó agus an lao ar an mbuaile ann ag géimneach,
Tá an gabhar geal ag méileach, an chaora is a huan,
Tá na broic ann ag tafann le héirí na gréine,
Is na mionnáin ag léimneach is ag ritheacht sa drúcht.

Tá na faoileáin ag tíocht ann aniar ó na Sceirdí,
Tá nead na corréisce ann an eala is a hál,
Tá fuaim na mea-ghabhar ann, an lon dubh is an chéirseach,
Bheadh spóirt agus pléisiúr ag an té a d’fhanfadh ann.

Anois teacht don fhómhar caithfidh muid téarma ann,
Nuair a sheolfas na ladies ó Mheiriceá anall,
Nuair a shocrós an cogadh agus déanfar an réiteach
Beidh caisleán an tsléibhe dhúinn féin againn ar ball.

foinse: https://songsinirish.com/caislean-an-tsleibhe-lyrics/

この記事が気に入ったらサポートをしてみませんか?